27 Mí Bealtaine 2020:
Haigh gach duine. Tá súil agam go bhfuil sibh ag coinneáil go maith. Seo chugaibh liosta don fhoghlaim sa mbaile don seachtain seo. Tá na taisc ar fad leagtha amach ar SEESAW. Molaim daoibh cliceáil ar na ‘Activities’ ansin ‘Add’ nó ‘Add Response’ chun d’obair a bhaineann le gach tasc a chur san áit ceart. Aon rud bhreise cuir isteach sa ‘Journal’ é.
Iarraim ar gach duine triail a bhaint as an gceithre rud A – D ach go háirithe agus do rogha rudaí i ndiaidh sin…
Tá cuid den obair nasctha le téama ‘Taisteal’ agus ‘sa mBaile’: téamaí atá sna ranganna ar fad….
An tseachtain seo chugainn beidh Tionóil ag ár rang ar an Déardaoin – make a big effort to get your English oral presentation in on SEESAW on where you bring the class on a school tour – we’ve had some great ideas so far. Chomh maith le sin beidh muid ag cleachtadh ár n-agallaimh Gaeilge – an bhfuil do feagraí curtha isteach ar SEESAW?
Mar thús seo corpoideachas le Ciarán – bain sult as…
Am Sosa: má tá sos uait ón ríomhaire…. dúshlán ealaíona – aon phíosa eile gur mhaith leat a chruthú atá bunaithe ar an frása ‘Ar nós na Gaoithe’
A: We won’t have a real school tour this year but it would be nice to go on a virtual one. Pick a place in Ireland where you would like to bring the class and write the presentation you would make to to the class suggesting where we should go. We’ll need to hear about cost, travel aswell as all the things to see and do there. Write up the presentation in English and send it to us in SEESAW. When we’ve given you some feedback you can record it on SEESAW. We will be selecting some of these for our class Tionóil in June.
B: Léitheoireacht: Beidh an leabhar Go Tóin Poill sna ciseáin amárach ag an scoil.
Léigh an blurb, ansin na ceisteanna ar Chaibidil 1 thíos. Ansin léigh an caibidil agus cuir na freagraí ar ais chugainn ar SEESAW. Scríofa deas néata i do chóipleabhar.
C: Stair: Stáisiún Traenach Bhaile Locha Riach
Don stair an tseachtain seo tá físeán déanta ag Múinteoir Conor. Breathnaigh ar an bhfíseán agus táim ag iarraidh oraibh beagáinín taighde a dhéanamh. An bhfuil aithne agat nó ag do theaghlach ar aon duine a bhí ina chónaí i mBaile Locha Riach i 1975 nuair a dúnadh an stáisiún? An féidir labhairt leo? Glaoch orthu? An cuimhin leo an stáisiún? An féidir leo aon rud a insint duit faoi? An bhfuil aon scéalta acu faoin stáisiún? Coinnigh súil ar an mblag scoile – cuirfidh mé suas físeáin nó scéalta a thagann isteach… An cuimhin leat an t-eolas ar fad a bhí sa bhfíseán? Bain triail as an Kahoot seo.
D: Mata –
Mata Meabhrach – Triail 98 agus 97. Tá físeán beag thuas ar SEESAW faoi.
Déan na sumaí seo i do chóipleabhar. Éist leis na treoracha ar SEESAW agus féach ar na samplaí déanta sna Activities. Ansin is féidir na sumaí críóchnaithe a chur suas mar Response. Tá sumaí na seachtaine seo chaite fós ann freisin.
Nuair atá na sumaí roinnt ghearr déanta agat breathnaigh ar an bhfíseán seo faoi roinnt fhada. Tá sé ar SEESAW freisin. Ansin bain triail as suma nó dhó agus cuir chugainn iad ar SEESAW.
Foghlaim eile:
Ceol:
Bain sult as an gníomh seo. Clicéail anseo chun dul go dtí an LAB ceol. Tá fiseán beag anseo le dúshlán ceoil na seachtaine seo – nótaí a scríobh ar Song Maker – bain sult as!
Dán Gaeilge a scríobh:
Bain úsáid as an teimpléad thíos agus na treoracha ar SEESAW chun dán ar théama an thaisteal a dhéanamh.
Agallamh:
Go raibh maith agaibh ar fad as scriopt a chur chugam don agallamh. Anois tá liosta ceisteanna curtha suas agam ar SEESAW. An féidir libh bhur bhfoghlaim ón seachtain seo chaite a úsáid chun do fhreagraí a scríobh isteach. Nuair a cheartaíonn mé féin nó Múinteoir Dairine é is féidir é a thaifead agus cuirfidh muid tús leis na hagallaimh a fhoghlaim.
English Spellings: Unit 17 of My Spelling Workbook – complete and share with Múinteoir Pól on SEESAW – If you’d like an extra challenge have a go at http://www.spelling-bee.com and share your score with us on SEESAW. Here’s a short video on how it works.
Scairdeán Cóla:
Breathnaigh ar an bhfíseán, déan an turgnamh, déan físeán de agus déan an kahoot seo freisin
Dán Gaeilge:
Beidh an dán Gaeilge seo á fhoghlaim againn sna seachtainí amach romhainn. Tóg véarsa 1, 2 agus 3 agus foghlaim iad. Déan iad a thaifead ar SEESAW agus beidh muid in ann iad a cheartú.
Dúshláin Ealaíona: Tógáil
An tseachtain seo bhí roinnt ealaíona ar Cúla4 ar scoil ag díriú ar tithí/ seomraí a thógáil. Tá seachtain agaibh anois teach bréige a thógáil – ag úsáid fuill ábhar/ bruscar athchúrsála – breathnaigh ar an bhfíseán seo agus go n-eirí libh. Chomh maith le sin d’fhéadfá plean a tharraingt de do sheomra féin nó seomra do bhrionglóidí!
borrowbox.com – Má tá cárta leabharlainne agat ó Leabharlann Bhaile Locha Riach is féidir leabhair Béarla agus Gaeilge a íoslódáil ar fhón nó ar thaibléad le léamh.
Typing Club: Má tá fáil agat ar ríomhaire ar feadh 10 – 15 nóiméad ar a mhéad gach lá déan cleachtadh ar do chlóscríbhneoireacht ag typingclub.com. Le cleachtadh eireoidh tú níos tapúla ag scríobh ar an ríomhaire.
Cuardfhocal (tá níos mó cluichí cosúil le seo agus aimsigh na difríochtaí ag www.crosfhocail.ie