Dé Céadaoin 17/06/2020
Dia daoibh a chairde Rang a Trí! Téama na seachtaine seo ná ‘Bia’ ach, i ndáiríre, níl mórán oibre le déanamh. Ní bheith Gafa le Mata críochnaithe againn i mbliana ach ní bígí buartha. Is féidir libh níos mó a dhéanamh sa leabhar más mian libh!! Beidh ár dtionól deireanach mar Rang a Trí againn ar an Máirt ag 10:00 arís. Bíodh rud beag deas le hithe nó le hól in aice leat, imreoidh muid cúpla cluiche agus caith hata deas/greannmhar ort féin má tá ceann agat. Feicfidh mé ansin sibh!
Gafa le Mata: Toilleadh – lth. 165-168. Féach ar an bhfíseán seo sula dtosaíonn tú na ceisteanna:
Taisce Tuisceana/Cócaireacht: Pancóga – Léigh agus freagair na ceisteanna: https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/5.Panc%C3%B3ga-caora.pdf
Ansin, ar mhaith leat triail a bhaint as na pancóga seo a dhéanamh? Is féidir leat an t-oideas seo a leanúint nó b’fhéidir go mbeadh oideas níos fearr ag do mham nó do dhaid. Má tá, scríobh síos an t-oideas atá acu agus cuir é chugam ar SeeSaw!
Sábháilteacht fheirme: Féach ar an bhfíseán seo a rinne mé faoi shábháilteacht fheirme:
Ansin, féach ar an gceann Bhéarla seo: https://www.youtube.com/watch?v=EmauuRNZLWI
Is féidir libh an Kahoot a rinne Múinteoir Pól a imirt freisin más mian libh: https://kahoot.it/challenge/02598819?challenge-id=7e584090-cee5-4c3e-9c00-885fcd3a6596_1591957906864 (Game PIN: 02598819)
Sábháilteacht ar bhóithre: Breathnaigh ar an bhfíseán seo a rinne Múinteoir Síle faoi shábháilteacht ar bhóithre: https://screencast-o-matic.com/watch/cY1llOC0H1
Dúshlán léitheoireachta: Bain triail as dúshlán léitheoireachta an tsamhraidh! Is féidir duaiseanna deasa a bhuachan. Is féidir libh leabhair a ordú agus a fháil ar cíos ó Leabharlann Bhaile Locha Riach. Tuilleadh eolas anseo:
________________________________________________________________________________________________________
Ceartúcháin/Freagraí:
Mata Meabhrach + My Spelling Workbook ar mo chainéal YouTube
Gafa le Mata – Achar lth.161-164 freagraí
Gafa le Mata – Fad lth119-122 freagraí
Gafa le Mata – Roinnt 3 lth141-143 freagraí
Gafa le Mata – Roinnt 3 lth137-140 freagraí
Gafa le Mata lth.128-131 – Línte agus Uillinneacha freagraí
Gafa le Mata – Iolrú 3 freagraí
Reading Zone – Unit 25 – Dad Sam and Blacky answers
Reading Zone – Unit 21 – The Dreamer answers
Reading Zone – Unit 19 – Tamlin’s Rescue answers
Reading Zone – Unit 18 – Clumsy Clinton answers
My Spelling Workbook Unit 18 answers
My Spelling Workbook Unit 17 answers
My Spelling Workbook Unit 16 answers
My Spelling Workbook Unit 15 answers
My Spelling Workbook Unit 14 answers
My Spelling Workbook Unit 13 answers
My Spelling Workbook Unit 12 answers