-
Físeán Eolaíochta Reel Life Science
Rinne Rang M. Brian a lán oibre ag foghlaim faoi fhuaim san eolaíocht. Rinne muid físeán faoin méid ar fhoghlaim muid, agus chuir muid isteach sa gcomórtas Reel Life Science é.
Fuair muid nuacht iontach an tseachtain seo: bhuaigh muid duais sa chomórtas mar an Físeán Gaeilge is fearr in Éirinn! Tá muid ar bís!
Féach ar an bhfíseán thíos!
Rang M. Brian were learning a lot about how sound works in science. We made a video about what we learned and entered it in the Reel Life Science video competition.
This week we got the amazing news that our video has won a prize for the Best Video in Irish in the competition! We’re delighted!
Watch our video below.
-
Lá Uisce
Bhí Lá Uisce ar an 22ú Márta. Seo píosaí a scríobh na daltaí ar an gCoiste Glas mar gheall air.
Rinne an Choiste Glas róbat darb ainm ‘Bobilítir’ as 28 cartúin 1L bainne agus chuir muid san Fháiltiú é. Is é 28L an méid uisce a úsáideann gach pháiste ar scoil gach seachtain.
Bhí cead ag na páistí gléasadh suas in éadaigh gorma nó téama uisce.
Bhailigh muid riar leabhar ón leabharlann scoile ag rinne muid taispeántas in aice leis an staighre. Bhí cead ag na naíonáin iad a léamh sa rang lena mhúinteoir. Bhí a lán craic agus spraoi againn ar lá uisce.
Ella & Ciara
Inniu Lá Uisce. Rinne muid siúlóid uisce timpeall an scoil. Rinneamar an siúlóid mar gheall ar na páistí timpeall an domhan a caithfidh siúl i bhfad níos faide ag iompar i bhfad níos mó uisce ná muidne. Tá an t-ádh orainn nach gcaithfimid ach an sconna a cur ar siúl chun uisce a fháil.
Nathan & Oisín
Caith gach duine sa scoil vóta don mana nua scoile maidir le uisce a chosaint. Faoi dheireadh bhí an bua ag ‘Sconna As – Domhan Glas!’ le 97 vóta. Beidh muid ag obair ar an mana sin a cur i mbéal pobail na scoile sa téarma atá amach romhainn.
Callum
Chuaigh muid síos go dtí ‘Na Siúlóidí’ chun bruscar a bhailiú. Bhí an aimsir go deas agus bhí an áit níos deise nuair a bhí muid críochnaithe
Maith sibh Coiste Glas – an obair curtha isteach agaibh!
-
Lá na Leabhar 2023
-
Léitheoireacht Naíonáin Mhóra
Tá an-obair ag tarlú sna Naíonáin Mhóra an téarma seo! Tá muid ag déanamh cleachtadh ar an léitheoireacht Gaeilge agus tá dul chun cinn den scoth le feiceáil. Seo cuid de na gníomhaíochtaí a bhí ar siúl againn le déanaí sna stáisiúin Gaeilge.
-
Timpeall an Domhain
Cúpla seachtain ó shin, bhí na páistí i Rang 5 agus Sé ag foghlaim faoi suíomhanna stairiúla agus speisialta timpeall an domhain. Bhí taispeántas ranga againn.
-
Rang 1 ar an stáitse
Bhí rang 1 ar stáitse Amharclann Na Gaillimhe, Seanscoil Sailearna agus in Óstán Baile Locha Riach lena dráma iontach ” Ní Neart Go Cur Le Chéile”. Bhíodar go hiontach ar an stáitse – aisteoirí den scoth!
-
Éacht déanta ag rang 1
Maith sibh rang 1.
Trófaí don Iontráil nua is fearr sa bhféile scoil drámaíochta i mbliana agus 2 ghradam i gCoirm 2023 – ceann don aisteoireacht is fearr agus ceann don ceol is fearr. Rinne na páistí sár-jab!! -
Lá na Leabhar
Bhí an-lá againn le haghaidh Lá na Leabhar 2023. We had a great day for World Book Day 2023.
-
Imbolc
-
Cóisir Imbolc
-
Comórtas Pointe Fada
Bhí na daltaí an-ghníomach le seachtain anuas ag dearadh ealaíona don chomórtas Pointe Fada. Tráthúil go leor freisin go bhfuil muid ag díriú go mór ar Uisce don Bhrat Glas i mbliana.
The students have been very active over the past week designing artwork for the Pointe Fada/Long Point competition. It is also quite timely as we are focusing a lot on Water for the Green Flag this year.