Tá iomanaíocht mini 7s ar siúl ar an gCéadaoin. Beidh grúpa páistí ag dul le Aogán agus M. Adrian. Tá seans maith again cluichí a bhuachaint. Beidh seachtar ag imirt ach gheobhaidh gach duine seans. Scríofa ag Eoin, R6
Blog
Bhí a lán páistí ó Rang M. Marcus ag imirt iománaíochta an Céadaoin seo caite. Beidh muid ag dul amach ag traenáil gach seachtain. Rinne muid crann le haghaidh an Fomhar an tseachtain seo caite. Ghlac muid páirt i gcomórtas ealaíona agus bhí muid ag seinm ceoil le cnaguirlisí. Le […]
Bhí go leor ar siúl ag rang M. Áine an tseachtain seo caite. Rinne muid cleachtadh drámaíochta agus amhránaíochta. Bhí na cailíní ag imirt “Síóga” agus a lán daoine ag imirt “Traein”. Bhí muid an-ghnóthach!
Ar an Luan bhí a lán cailce ar an gclós agus bhí na páistí sona sásta ag tarraingt pictiúir. Ach cé as a dtáinig an chailc???? Chuaigh dáréag buachaillí agus cailíní ón scoil chun rás trastíre a dhéanamh ar an gCéadaoin. Rinne siad go han-mhaith ach ní raibh an aimsir […]
Rang 5 ar thuras scoile 2010 Seo roinnt pictíuir d’imeachtaí scoile ó anuraidh. Naíonáin Mhóra ar thuras scoile, 2010
Bhí chuile dhuine ar bís ag teacht ar ais ar scoil ar an gcéad lá de Mheán Fomhair! Éist leis an scéal mar a tharla sé inár gcéad podchraoladh, curtha le chéile ag Rang 5 agus 6. Beidh níos mó podchraolta ag teacht go rialta ó Raidió Riabhach! [media id=1 […]
Fáilte go suíomh blag Gaelscoil Riabhach! Beidh tú in ann nuacht agus eolas faoin scoil a fháil anseo i rith na bliana.