Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

CTC

Ranganna Creideamh take place every Wednesday (Tuesday for Naíonáin Mhóra).  Classes must be FULLY PAID for children to start- no exceptions. Arrears must be fully paid.

There is no skipping of a year.

All children must complete every year of the programme.

Payments can be made directly into the ‘Creideamh’ Account in Credit Union. 

BIC: NBCUIE21XXX

IBAN IE48 NBCU 9921 2610 189812  N.B Please use child’s name as reference  

Creideamh (Catholic religion account only) 

Siúl i Solas Dé

Tagaimís le chéile os chomhair an Rí.

Siúl, siúl i solas Dé.

Canaimís le chéile le grá in ár gcroí.

Siúl, siúl i solas Dé.

Siúl i solas Dé (x4)

Tagaimís le Chéile

Alleluia

Alleluia

‘Rán na Beatha

‘Rán na Beatha, Fíon an tslánaithe,

Obair na seachtaine chugatsa a Rí.

‘Rán na Beatha, Fíon an tslánaithe,

Íosa Mac Dé, linn i gcónaí.

arán

Is naofa, naofa, naofa thú,

a Thiarna Dia na slua.

Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir. Hosanna sna harda.

Is beannaithe an té atá ag teacht

in ainm an Tiarna. Hosanna sna harda.

naofa

Uain Dé, uain Dé,

A thógann peacaí an domhain.

Déan trócaire orainn.

Uain Dé, uain Dé,

A thógann peacaí an domhain.

Déan trócaire orainn.

Uain Dé, uain Dé,

A thógann peacaí an domhain.

Tabhair dúinn síocháin.

A Íosa, Glan mo chroíse

A Íosa, Glan mo chroíse

Go gléghlan gach lá.

A Íosa, cuir m’intinn,

Faoi léirsmacht do ghrá.

Céad Míle Fáilte Romhat:

Céad míle fáilte romhat, a Íosa, a Íosa,

Céad míle fáilte romhat, a Íosa,

Céad míle fáilte romhat, a Shlánaitheoir

Céad mile, míle fáilte romhat, Íosa, a Íosa.

A Mhuire Mháthair

A Mhuire Mháthair, ‘sé seo mo ghuí.

Go mairfidh Íosa go deo im chroí.

Ave Maria, mo ghrá Ave.

Is tusa mo mháthair, is Máthair Dé.

Iomann Scoir:

Le áthas is le lúcháir Dé a scarann muid anois.

Mar i gcosa láidre Dé a bhéas ár siúl.

I súile caoine Dé a fheicfidh muid a chéile.

Is dóchas Dé a thabharfaidh misneach dúinn…..agus alleluia